|
Scoil Náisiúnta a bhfuil beirt mhúinteoir ag múineadh inti is ea Scoil Mhichíl Naofa, Crois Phádraig. Is álainn go deo suíomh na scoile seo, i gceantar cluthar muinteartha faoin dtuath in iarthuaisceart Chontae Chill Chainnigh. Scoil nua-aimseartha ar gach slí is ea í, a bhfuil cúlra fada d'ardchaighdeán oideachais aici, agus ana-theist amuigh uirthi maidir leis an gcúram a deintear dá cuid daltaí. Maidir le hacmhainní oideachasúla de, tá an teicneolaíocht ríomhaireachta is déanaí in úsáid sa scoil, chomh maith le teacht ar idirlíon leathanbhanda, agus áiseanna teagaisc ar nós powerpoint. Ar na háiseanna siamsaíochta atá sa scoil, tá páirc mhór aon acra againn, agus fearais súgartha agus imeartha a fuaireamair le cabhair deontas speisialta ón Roinn Oideachais. Is minic a eagraítear turasanna go dtí áiteanna spéisiúla sa cheantar, agus is cuid tábhachtach í sin den atmasféar sonasach súgach atá le braith ar an scoil trí chéile. Tá an turas scoile, gan amhras, ina bhuaicphointe bliantúil, agus ní bhíonn aon chosc ar thuismitheoirí páirt a ghlacadh ann. Sa mbliain 2003 thug an Irish Times seod luachmhar oideachasúil ('an educational jewel') ar Scoil Mhichíl Naofa, Crois Phádraig. Bua mór is ea an tinreamh beag a bhíonn ag an scoil (níl ach 27 de dhaltaí ag an scoil faoi láthair) mar go dtugann sé caoi do na múinteoirí freastal faoi leith a dhéanamh ar gach dalta, duine ar dhuine. Rud is ea é sin a thugann ana-bhuntáiste do na daltaí ar dhul isteach sa mheán-oideachas dóibh. Faoi choimirce Deoiseas Osraí atá an scoil, agus is é an Bord Bainistíochta a dheineann an scoil a riaradh.
|